An Bhriotáin
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
In iarthuaisceart na Fraince atá an Bhriotáin. Tá oidhreacht Ceilteach ag an mBriotáin, ó chuaigh imircigh ón mBreatain anonn go dtí an ceantar in aimsir na Rómhánaigh a bheith i bhFrainc an lae inniu. Mar sin, tá Briotáinis gaolmhar leis an mBreatnais a fhanann sa Bhreatain Bheag agus leis an gCoirnis, teanga a cailleadh i gCorn na Breataine, ach a bhfuil buíon díograiseoirí á saothrú agus á labhairt i gcónaí. Inniu, labhraíonn mórán gach duine sa Bhriotáin Fraincis, ach tá níos lú ná céad míle duine a bhfuil cumas labhartha Briotáinise acu.