Cúba
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
|
|||||
Mana: Patria y Libertad | |||||
Amhrán náisiúnta: La Bayamesa | |||||
Príomhchathair | Havana 23°8′ Thuaidh 82°23′ Thiar |
||||
An chathair is mó | Havana | ||||
Teangacha oifigiúla | Spáinnis | ||||
Rialtas
Uachtarán
|
Cumannachas Fidel Castro |
||||
Neamhspleáchas |
|||||
Achar • In iomlán • Uisce (%) |
110,860 km² (104ú) - |
||||
Daonra • Meas. ó 2005 • Daonáireamh 2002 • Dlús |
11,345,670 (70ú) 11,177,743 102/km² (-) |
||||
OTI (PCC) • In iomlán • An duine |
Meas. ó 2004 $33.9 billiún (89ú) $3,000 (126ú) |
||||
Airgeadra | Peso (CUC ) |
||||
Crios ama • Samhradh (CSL) |
EST (UTC-5) (UTC-4) |
||||
Fearann Idirlín | .cu | ||||
Glaochód | +53 |
||||
Tír is ea Poblacht Chúba atá suite sa Mhuir Chairib. Is cuid den tír iad an t-oileán Cúba féin, Isla de la Juventud agus go leor oileán beag eile thart timpeall. Is é oileán Chúba an t-oileán is mó sa Mhuir Chairib. Tá Fidel Castro i gceannas na tíre ó d'éirigh lena réabhlóid chumannach i gcoinne rialtas Fulgencio Batista i 1959.
[athraigh] Stair
Bhunaigh na Spáinnigh cóilíneacht ar an oileán sa 16ú haois. Níor bhain Cúba a neamhspleáchas amach go dtí 1902, ceithre bliana i ndiaidh an Cogadh idir an Spáinn agus Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ba bhlianta casta iad tús an 20ú haois le rialtais nár mhair i bhfad agus cur isteach an airm sa pholaitíocht. Tháinig Fulgencio Batista i gceannas ar an dtír i 1952 agus cé go raibh aithne air go dtí sin mar liobrálaí, thosaigh sé a naimhde polaitiúla a chur faoi chois. Bhí géarchéim eacnamaíoch sa tír ag an am, le formhór na ndaoine ag maireachtáil i mbochtanas. Chuir Fidel Castro agus a chomhghleacaithe feachtas míleata in aghaidh an rialtais ar bun ag deireadh 1956 agus ghlac siad seilbh ar Havana ar 1 Eanáir 1959 nuair a theith Batista ón oileán.
Tháinig teannas sa chaidreamh idir Cúba agus a chomharsa SAM nuair a náisiúnaigh an rialtas nua gnóthaí SAM go léir sa tír agus d'fhógair siad a gcairdeas leis an Aontas Sóivéadach (APSS). Chuir SAM smachtbhannaí i bhfeidhm go gairid ina dhiaidh is thacaigh an t-uachtarán John F. Kennedy le iarracht an rialtas cummanach a ruaigeadh le hionradh Bahía de Cochinos ar 15 Aibreán 1961. Ardaíodh an teannas arís idir Dheireadh Fómhair agus Samhain 1962 nuair a tháinig SAM ar fhianaise go raibh na Cúbaigh ag tógáil aonad do dhiúracáin núicléacha ar an oileán, le cabhair ón Aontas Sóivéadach. Ba bhuaicphointe an Chogaidh Fhuaire é an eachtra seo. Sa deireadh rinne SAM agus APSS margadh agus thóg na Rúisigh na diúracáin ón oileán le gealltanas ó rialtas SAM nach ndéanfadh siad iarracht eile an t-oileán a ionradh.
[athraigh] Tíreolaiocht
Is oileánrach í Cúba atá suite sa Mhuir Chairib ag 21°3Thuaidh, 80°00Thiar. Is í Cúba an príomhoileán.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.