Cluain Dolcáin
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Clár ábhair |
[athraigh] Cúlra
Baile nó fobhaile i mBaile Átha Cliath in Éirinn. Tá cloigtheach breá ón 8ú haois ann. Meastar gurbh é Naomh Crónán a bhunaigh mainistir sa cheantar timpeall 600 AD, agus gur tógadh an cloigtheach timpeall céad bliain ina dhiaidh sin. Rinneadh lámhscríbhinní áille de na Soiscéalta sa mhainistir, agus tá ceann díobh ar taispeáin i Karlsruhe Liburg na Gearmáine. Scrios na Lochlannaigh Cluain Dolcáin i 832 agus dódh an mhainistir go talamh. Bhí an baile faoi smacht ag na Danair go dtí gur buadh orthu i gCath Chluain Tarbh i 1014. Throid Ardrí deireanach na hÉireann le Strongbow i gCluain Dolcáin i 1171. Agus bhí go leor troda sa cheantar le linn Éirí Amach 1641 in aghaidh rialtas na Breataine. Ghabh na Gaeil seilbh ar an mbaile, ach cuir na Sasanaigh trí thine é agus maraíodh fir, mná agus páistí. Tá timpeall 60,000 duine sa bhaile anois, agus is ionad gnaitheach tionsclaíochta, oideachais agus cultúir é.
[athraigh] Oideachas
Tá borradh ar an nGaeilge mar gheall ar ghníomhaíochtaí eagraíochta darbh ainm Muintir Chrónáin agus tá dhá Ghaelscoil sa gceantar don ghasúir bunscoile agus Coláiste Chillian ann mar mheánscoil ó 1981. Is mar gheall ar éileamh ó na daoine áitiúla a bunaíodh na scoileanna seo agus tá ard-cháil orthu mar ionaid oideachais. Is iomaí scoil eile atá lonnaithe sa gceantar fairsing seo freisin.
[athraigh] Logainm
Tá roinnt tuairimí éagsúl ann maidir leis an mbrí a bhaineann le "Cluain Dolcáin". Glactar leis go gciallaíonn sé páirc, gort nó faiche a bhain le Dolcán. Ghabh na Danair an baile i 832 ach chuir Muintir Uí Rónáin an ruaig orthu i ndiaidh Chath Chluain Tarbh i 1014. Is anseo a bhris Ardrí na hÉireann Brian Boramha cumhacht na Lochlannach in Éirinn. Rinneadh slad thubaisteach ar an gceantar i rith na tréimhse sin áfach. Dódh an mhainistir i 832 A.D., 1071 A.D. agus 1076 A.D. Bhí cath ann i 1171 idir an Iarla Risteárd de Clare (Strongbow) agus Ardrí na hÉireann Roderick Ó Conchúir le linn don ionsaí Normannacha a bheith ar siúl.
[athraigh] Cumann Lúthchleas Gael
Bunaíodh Club de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael intí sa mblian 1884, mí i ndiaidh chéad-bhunú an Chumainn i nDúrles Fhéile. Tá neart coirn agus teideil bronnta ar an gclub seo síos tríd na blianta agus tá sí fós an láidir sa gceantar.
[athraigh] Traidisiún Gaelach
Eagraítear ranganna ceoil agus damhsa gus ranganna Gaeilge in Aras Chrónáin - baile fíor-Ghaelach í.