Contae Laoise
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Contae Laoise | |
Achar: | 1,719 km² |
Príomhbhaile: | Port Laoise |
Daonra: | 67,012 (2006) |
Cúige: | Laighin |
Tá Laois nó Contae Laoise i lárdheisceart na hÉireann, i gCúige Laighean. Is ón bhfocal Lochlanna 'Lix' (bradán) a thagann an t-ainm. Ba ann a bhí forlámhas ag clann Uí Mhórdha agus tá a ndún le feiceáil go fóill in aice leis an bpríomhbhaile, Port Laoise. D'fhág na Normannaigh a rian ar an áit chomh maith. Contae beag é agus bhí sé ar cheann de na ceantair ba thúisce a ndearnadh plandáil air le linn aimsir na dTúdor in Éirinn. Ba í Mary Tudor, banríon Shasana agus bean chéile Rí Philip na Spáinne a rinne contae de i 1556 faoin ainm 'Queen's County'.
[athraigh] Bailte i gContae Laoise
- Achadh Bhó
- Baile an Bhiocáire, An Baile Fionn, Baile Mhic Mhaoilir, Baile na Coille, Baile Uí Laigheanáin, An Bealach Mór, Buiríos Mór Osraí
- Cluain na Slí, Cúil an tSúdaire
- Darú, Domhnach Mór
- Maighean Rátha, Mainistir Laoise, Móinteach Mílic
- Port Laoise
- Ráth Domhnaigh, Ros Fhionnghlaise
- An tSráidbhaile
- Tigh Mochua