Eacuadór
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is tír i Meiriceá Theas í Eacuadór, ar an Aigéan Ciúin. Tá teorainneacha aici le Peiriú ó theas is leis an gColóim ó thuaidh. Tá sí suite ar an Meánchiorcal. Is léi an t-oileánra Galápagos, atá suite 1000km siar amach san Aigéan Ciúin, freisin.Is í San Francisco de Quito an phríomhchathair. Tá 13 milliún duine ina gcónaí ann.