Earcail
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba é Earcail ba mhó cáil i measc mhórlachra an domhain chlasaicigh. Thug na Gréagaigh Herakles air (Ἡρακλῆς as Gréigis) ach tá aithne ag Béarlóir air faoi leagan Rómhánach dá ainm, Hercules. Ciallaíonn an t-ainm Gréagach glóir do Héire (bean chéile Shéas, athair na ndéithe). Ach ní mac le Héire é ach le bean agus bhí éad ar Héire roimpi. Bhuail sí bob ar Shéas ionas go mbeadh a mac is leasdeartháir Earcail, Eoraistéas, ina rí ar Mhicéanae.
Tar éis do Earcail a bhean agus a pháiste a mharú agus é as a mheabhair, labhair Aitheascal Dheilfe leis ag rá gur cheart dó dhá bhliain dhéag a chaitheamh ag freastal ar a leasdeartháir. Thug Eoraistéas dhá shaothar déag do Earcail agus cheap an rí go mbeadh na tascanna dodhéanta. Seo liosta de na saothair a tugadh dó:
- Leon Néimé
- Hiodra Leirné
- Eilit órga na Ceirine
- Torc allta Eiriminteas
- Stáblaí Áigéis
- Éanlaith riasc Stimfealas
- Tarbh Bán na Créite
- Láracha buile Dhiaiméidéis
- Crios óir Hipilité
- Eallach Rí Géarón
- Úlla órga na Heispirídí
- Ceirbearas, cú Háidéis
Chomhlíonaigh Earcail na tascanna go léir. Déanadh dia de ionas go mairfeadh sé go deo i measc na ndéithe.
[athraigh] Réalteolaíocht
- Baint idir dhá shaothar déag Earcail agus an réaltbhuíon An tIolar