Gaillimh
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gaillimh | |
---|---|
Léarscail | |
Achar: | 50.57 km² |
Daonra an Chathair: | 65,832 (2002) |
Daonra _______: | 331 (2002) |
Airde: | 0 m |
Contae: | Contae na Gaillimhe |
Cúige: | Connachta |
Cathair in iarthar na hÉireann í Gaillimh agus tuairim is 70,000 duine ann. Is í príomhbhaile Chontae na Gaillimhe í. De réir chuntais Ruaidhrí Uí Fhlaithbheartaigh, tagann ainm an bhaile ó abhainn na Gaillimhe.
Clár ábhair |
[athraigh] Iompar
Tá calafort sa chathair féin, ag béal chuan na Gaillimhe agus mar go bhfuil an t-uisce domhain, tá sé ar chumas na cathrach báid an-mhór a thabhairt isteach. Tá aerphort beag, freisin, lámh leis an gcathair, sa gCarn Mór, agus tá ceangal traenach go Baile Átha Cliath. Tá an-chaint le tamall ar an líne traenach as Sligeach go hInis i gContae an Chláir a athnuachan, rud a d'fhágfadh feabhas mór ar an gcóras traenach. I mBaile Átha an Rí a bhí, agus a cheaptar go mbeidh an ceangal seo idir an dá líne.
[athraigh] Oideachas
Tá dul chun cinn déanta ag Gaelscoileanna na Gaillimhe le 10 mbliana anuas. Cé nach bhfuil an cháil chéanna ar Choláiste Éinne agus a bhíodh, tá dornán Gael-bhunscoileanna anois sa chathair féin, agus tá Coláiste na Coiribe ina Ghael-mheánscoil. Tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (a thugtaí Coláiste na hOllscoile, Gaillimh uirthi cheana) suite sa chathair le 150 bliain, chomh maith leis an bpríomh-chraobh d'Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe agus Mhuigh Eo.
[athraigh] Creideamh
Tá ardeaglais Chaitliceach sa chathair a tógadh nuair a scoilteadh an chathair ó Dheoise Thuama, agus tá formhór lucht na cathrach ceangailte leis an eaglais sin. Tá líon beag Protastúnaigh sa chathair, agus freastalaíonn cuid acu ar eaglais stairiúil San Niocláis.
[athraigh] Gnó
Tá fás mór tagtha ar an gcathair le 20 bliain anuas, ó thosaigh tionscail mar an tionscal bogearraí ag cur fúthu ann. Bhíodh monarcha mór ag Digital Equipment as SAM ann, ach nuair a d'fhág siad an baile agus roimhe sin, bhí tionscail áitiúla tosaithe cheana féin.
[athraigh] Caitheamh Aimsire
Sruthann an Choirib tríd an gcathair, agus tá iascach bhreá ar Loch Coiribe, aistear ghairid ón gcathair. Bíonn an-chuid bádóireachta ar loch agus ar abhainn, agus bíonn báid seoil sa gcuan sa samhradh, ach beagán sa ngeimhreadh mar gheall ar chruas na farraige. Tá turasóirí ag teacht go Bóthar na Trá, bruachbhaile ar iarthar na cathrach, le os cionn céad blian, agus tagann siad fós le snámh, rince, agus turais lae go háiteanna mar Chonamara agus an Bhoireann in aice láimhe. Tá tithe leapa agus bricfeasta go fairsing, agus le cúig bliana déag anuas, tá an-chuid brúnna do thaistealaithe óga freisin.
[athraigh] Stair
Is eisceacht i measc cathracha na hÉireann í Gaillimh, mar ba iad na Gaeil iad féin ar dtús a thóg an chathair. Cuireadh caisleán ar bun sa 12ú chéad ar bhéal abhainn ghearr na Gaillimhe. Níos déanaí, tháinig Normannaigh, agus ina ndiaidh siúd bhí an chathair faoi smacht Shasanach. B'iad na 'Treibheanna' a luaitear ag trácht ar Ghaillimh ná clanna, go minic de bhunadh Normannach, a chuir fúthu sa gcathair féin. Ní raibh cairdeas idir iad agus na Gaeil a bhí lonnaithe ar an gCladach, bruachbhaile iascaigh a bhí taobh amuigh de bhallaí na cathrach, agus sna ceantair máguaird. Béarla a bhí sa chathair, agus Gaeilge i ngach áit eile mórthimpeall.