James Herriot
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
James Herriot an t-ainm cleite a bhí ag James Alfred Wight, nó Alf mar a tugadh mar leasainm air (3 Deireadh Fómhair 1916 – 23 Feabhra 1995). Rugadh Wight i Roker, Sunderland i Sasana, an áit gurbh as dá thuismitheoirí, ach tógadh i nGlaschú, Albain é agus is ann a cháiligh sé mar thréidlia agus é trí bliana is fiche. D'oibrigh Wight i gcleachtas tuaithe i mbaile Thirsk, Yorkshire, Sasana, ach is fearr aithne air mar údar sraith leabhar faoina shaol ag obair mar thréidlia agus a thraenáil leis an RAF le linn an Dara Cogadh Domhanda.
D'inis na leabhair faoi eachtraí greannmhara a thit amach agus é ag obair le feirmeoirí agus le muintir an bhaile i gceantar álainn na Yorkshire Dales i dtuaisceart Shasana. Bhain na leabhair an-chlú amach agus, faoin am a fuair Wight bás, bhí sé ar cheann de na húdair ba mhó díol sa Bhreatain agus sna Stáit Aontaithe. Rinneadh dhá scannán agus mórshraith teilifíse bunaithe ar na leabhair. Spreag na leabhair agus an t-athchóiriú a rinneadh orthu go leor daoine le tabhairt faoin tréidliacht iad féin.
[athraigh] Saothair
- If Only They Could Talk (1970);
- It Shouldn’t Happen to a Vet (1972);
- Let Sleeping Vets Lie (1973);
- Vet in Harness (1974);
- Vets Might Fly (1976);
- Vet in a Spin (1977);
- James Herriot’s Yorkshire (1979);
- The Lord God Made Them All (1981);
- Every Living Thing (1992)
[athraigh] Cnuasaigh
- All Creatures Great and Small (1972) (incorporating If Only They Could Talk/It Shouldn't Happen to a Vet)
- All Things Bright and Beautiful (1974) (Let Sleeping Vets Lie/Vet in Harness)
- All Things Wise and Wonderful (1977) (Vets Might Fly/Vet in a Spin)
[athraigh] Naisc sheachtracha
- Ómós Oifigiúil (as Béarla) - The World of James Herriot (as Béarla) – radharcanna ó shaol Herriot i mbaile Thirsk