René Descartes
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba fhealsamh, matamaiticeoir, agus fisiceoir Francach é René Descartes (La Haye en Touraine, An Fhrainc, 31 Márta 1596 - Stockholm, an tSualainn, 11 Feabhra 1650), a bhfuil aithne air anois mar bhunaitheoir na fealsúnachta nua-aimseartha. Rinne sé cur síos ar an modh eolaíoch ina shaothar Discours de la méthode i 1637 a chuir tús leis an eolaíocht nua agus a bhris le smaointe Arastotail a bhí i réim go dtí sin.