Ros Láir
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tá Ros Láir suite in oirdheisceart chontae Loch Garman, tuairim agus 20 chiliméadar ó dheas as baile Loch Garman. Is é a phríomhthábhacht ná an calafort a thugann paisnéirí agus gluaisteáin ar bord loinge go hAbertawe agus Penfró sa Bhreatain Bheag ar feadh na bliana, agus go dtí an Fhrainc cuid den bhliain. Tá dhá shráidbhaile leis an ainm seo inniu, Calafort Ros Láir, mar a bhfuil an calafort, agus Trá Ros Láir, ar áit saoire é don chuid is mó. I Ros Láir atá an Dr Ó Tuama, teachta dála (TD) neamhspleách dháilcheantar Loch Garman bunaithe.