U2
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is banna rac-cheoil é U2. Is as Éirinn iad. Is iad Bono (Paul David Hewson) (canadh), The Edge (David Howell Evans) (giotar), Adam Clayton (dordgiotar) agus Larry Mullen (drumaí).
Bunaíodh U2 i 1976, i mBaile Átha Cliath agus tá breis is 120 milliún albam díolta acu ar fud an domhan.
Clár ábhair |
[athraigh] Stair
[athraigh] Tosnú agus briseadh isteach sna cairteacha (1976-1980)
Tháinig an banna le chéile don chéad uair ar an 25ú Mean Fomhar 1976 i chistin an drumadóir Larry Mullen. Bhí seachtar ann, na buachaillí ó Mount Temple a fhreagair fógra a chuir Mullen suas sa scoil. Glaoigh siad an t-ainm Feedback orthu féin.
Tar éis bliain go leith de cleachtadh, d'aithrigh siad a ainm go dtí The Hype agus buaigh siad £500 i seó talann ós cionn Jackie Hayden as CBS Records. Rinne siad a chéad "demo" ceart leis an t-airgead.
Chum Steve Rapid as an banna punc Radiators From Space an t-ainm U2 dóibh.
I Mean Fomhar 1979, chuaigh a chéad EP U2-3 isteach sna cairteacha ag uimhir a h-aon in Éirinn. Chuaigh siad ar turas beag go dtí Sasana chun cúpla ceolchoirm a dhéanamh.
[athraigh] Boy agus October (1980-1981)
Sínigh U2 le Island Records i mí Márta 1980. Cuireadh Boy ar díol i Meán Fomhair na bliana sin. Meastar gurb é Boy ceann dos na debut is fearr i stair an roc-cheoil. Chuaigh úrsceál Lord of the Flies i bhfeidhm go mór ar U2 agus feictear é seo san albam. Tá pictiúr do Peter Rowen, dearthair cara Bono, Guggi ar clúdach an albam. Tá amhráin ar nos I Will Follow agus Out of Control ar an albam Boy, amhráin atá fos seinnte beo ag U2.
Tháinig October amach i 1981. Tá téama láidir(an Críostaíocht) le feiceáil san albam seo. Ní haon ionadh é ansin go raibh Bono, Edge agus Larry Mullen mar bhaill do ghrúpa Críostaíoch "Shalom" ag an am seo. 'Sé "October" an t-aon albam roc-Críostaíoch ag U2 agus níor éirigh ró-mhaith leis an albam sna cairteacha.
Rinne U2 fístéip ceoil don amhrán Gloria ag an am seo, stiúraithe ag Meiert Avis.
[athraigh] Albaim
Tá trí albam déag acu:
- Boy (1980),
- October (1981),
- War (1983),
- Under a Blood Red Sky (1983),
- The Unforgettable Fire (1984),
- The Joshua Tree (1987),
- Rattle and Hum (1988),
- Achtung Baby (1991),
- Zooropa (1993),
- Original Soundtracks No. 1 (1995),
- Pop (1997),
- All That You Can't Leave Behind (2000) agus
- How to Dismantle an Atomic Bomb (2004)
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.