Ciúbachas
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba é a bhí i gceist le Ciúbachas ná gluaiseacht phéintéireachta de chuid na Fraince a thosaigh go gairid tar éis bhás Paul Cézanne i 1906 agus ar a raibh buaicphointe idir na blianta 1906 – 1914. Ba thúsphointe ag an gCiúbachas moladh Cézanne do pheintéir óg féachaint ar an dúlra i dtéarmaí sféar, cón agus sorcóirí.
Tá tionchar Cézanne le féiceáil ar dtús ar shaothar Pablo Picasso (1881-1973) agus Georges Braque (1882–1963) a d'oibrigh le chéile chun an córas nua a bhunú. Tá an tionchar céanna le feiceáil freisin níos deireannaí ar ealaíontóirí eile ar nós Delaunay, Villon agus Gris a bhí ar imeall na gluaiseachta. Tháinig an spéis i gcuma athraíoch dromchlaí ón Impriseanachas ach go bunúsach ba mhó riamh a bhí an Ciúbachas ina ghluaiseacht intleachtúil ná an Impriseanachas.Shíl go leor ealaíontóirí go raibh an Ciúbachas i dtiúin leis an eolaíocht agus leias an innealtóireacht agus gur ann a bhí an t-aon stíl chun timpeallacht na nua-aoise a chur síos i bpictiúir.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.