Dara Cogadh na mBórach
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
B'é Dara Cogadh na mBórach an cogadh a chuir an Bhreatain Mhór ar na Bóraigh ón 11ú lá de Mhí Dheireadh Fómhair, 1899, go dtí an 31ú lá de Mhí na Bealtaine, 1902. Bhí dhá phoblacht neamhspleách ag na Bóraigh, mar atá, an Saorstát Oráisteach agus Poblacht Transvaal (Poblacht na hAfraice Theas) a bhí mar naimhde ag an Impireacht Bhriotanach. I ndiaidh cath fada faidréiseach a chur ar na Sasanaigh, chaill na poblachtaí seo an cogadh, agus rinneadh cuid den Impireacht díobh.
[athraigh] Cúlra an Chogaidh
Nuair a thángthas ar ór in Transvaal, thonn na mílte de Shasanaigh isteach thar an teorainn ó Choilíneacht na Rinne. D'fhás cathair Johannesburg as an talamh thar oíche mar a bheadh sluma ann, agus na huitlanders (na strainséirí), mar a thugadh na Bóraigh orthu ina dteanga féin, ag socrú síos in aice le foinsí an óir. I ndiaidh tamaill, fuair na Bóraigh iad féin ina mionlach i gcroílár a bpoblachta féin. Ní raibh siad sásta leis an bhforbairt seo, agus le deachú na lonnaitheoireachta a ghearradh de na huitlanders, d'éiligh siad cánacha arda ar thionsclaíocht an óir. Mar sin, thosaigh na huitlanders ag lorg cabhrach ón rialtas Briotanach, agus iad den tuairim gur chóir poblacht Transvaal a chur de dhroim an tsaoil. Sa bhliain 1895, bhain Cecil Rhodes triail as, agus é ag maoiniú coup d'état i bpoblacht Transvaal. Theip ar an iarracht seo, áfach, siúd is go raibh fórsa armtha mar chúltaca léi.