Máire Mhic Ghiolla Íosa
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
|
||
Ord: | 8ú Uachtarán | |
I bhfeidhmeannas: | 11 Samhain, 1997 – anois | |
Uimhir tréimhsí: | 2 | |
Réamhtheachtaí: | Máire Mhic Róibín | |
Comharba: | Duine ar bith | |
Dáta breithe: | 27 Meitheamh, 1951 | |
Áit bhreithe: | Béal Feirste, Tuaisceart Éireann | |
Céile: | Máirtín Mac Giolla Íosa | |
Gairm: | Leas-Seansailéir Cúnta OBBF; iriseoir | |
Ainmnithe ag: | Fianna Fáil | |
Iarrthóirí eile: | 1997 Fine Gael: :: Mary Banotti, MEP Lucht Oibre: :: Adi Roche Neamhspleách: :: Dana Scallon Neamhspleách: :: Derek Nally 2004 Duine ar bith |
Is í Máire Pádraigín Mhic Ghiolla Íosa (27 Meitheamh 1951 i mBéal Feirste a rugadh í) ochtú hUachtarán na hÉireann, agus tá sí i bpost i gcónaí (1997 - ).
Bhí a téarma 7 mbliain le bheith istigh i Mí na Samhna 2004, ach d´fhógair sí ar 14 Meán Fómhair, 2004 go seasfadh sí an dara téarma sna toghcháin uachtaránachta. Nuair nár éirigh le haon iarrthóir eile an tacaíocht cuí a fháil le seasamh, sheas an Uachtarán gan chur ina coinne, agus fógraíodh go raibh sí tofa ar 1 Deireadh Fómhair, 2004. Cuirfear i gcathaoir í ag tús a dara téarma ar 11 Samhain, 2004. Feictear gur mar gheall ar shásamh an phobail lena iarrachtaí ina post cúis a bua sa toghchán, agus nach raibh páirtí ar bith sásta íoc as toghchán a bheadh an-deacair buachaint. [1]
Rugadh Máire Páidrigín Ní Lionnacháin ar an 27 Meitheamh, 1951. Fuair sí a chuid oideachais ag Ardscoil Naoimh Doiminic; Ollscoil na Banríona, Béal Feirste; agus i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Is ball ar an mBeár i dTuaisceart Éireann agus i bPoblacht na hÉireann í. I 1975 ceapadh mar Ollamh Reid ar Dhlí Coiriúil, Coireolaíocht agus Píoneolaíocht i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath í, i gcomharba ar Mháire Mhic Róibín (comharba a thitfeadh amach arís i gceann 20 bliain). I 1979 chuaigh sí isteach in RTÉ mar iriseoir agus láithreoir. I 1981 d´fhill sí ar Ollúnacht Reid, ach lean ag obair go páirtaimseartha do RTÉ ar feadh 4 bliana eile. Ba bhall ar Theachtaireacht Easpag an Eaglais Chaitlicigh chuig Fóram Éireann Nua i 1984 í, agus ba bhall ar theachtaireacht na hEaglaise Caitlicí chuig Coimisiún an Tuaiscirt ar Pharáid Conspóideacha í i 1996.
I 1997 bhuail Bean Mhic Giolla Íosa an Taoiseach Ailbhe Mac Raghnaill i dtoghchán ar rogha Fhianna Fáil don Uachtaránacht. Ar 11 Samhain 1997, thóg sí a háit mar 8ú Uachtarán na hÉireann. Ba é seo an chéad uair ar tháinig bean i gcomharba ar bhean eile mar uachtarán aon áit ar domhan. Náisiúnaí a tógadh i dTuaisceart Éireann, téann sí thar teorainn go minic, agus cuireadh fáilte roimpi ag an dá phobal ó thuaidh.
Chuir sí aithne ar an mBanríon Eilís II agus í féin ina Leas-Sheansiléar Cúnta ar Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste. Meastar go mbeidh cuairt ón mBanríon sin go hÉirinn i réim an Uachtaráin.
Tá sí pósta le Máirtín Mac Giolla Íosa. Tá a háras oifigiúil in Áras an Uachtaráin, Páirc an Fhíonnuisce, Baile Átha Cliath 7.
Roimhe seo bhí sí ina:
- Leas-Sheansiléar Cúnta ar Ollscoil na Banríona, Béal Feirste,
- Iarrtóir do Fhianna Fáil in ollthoghchán, 1987
- Iriseoir/Láiritheoir, Today Tonight, RTÉ (Radio Telefís Éireann)
- Ollamh Reid le Dlí, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (Ollscoil Átha Cliath)
- Comhairleoir do easpaig an Eaglais Chaitlicigh le linn Fhóraim Éireann Nua.
- Bunaitheoir leis an Seanadóir David Norris ar an bhFeachtas ar Leasú Dlí ar Hóimeaghnéasachas.
Uachtaráin na hÉireann |
---|
Dubhghlas de hÍde | Seán T. Ó Ceallaigh | Eamon de Valera | Erskine Childers | Cearbhall Ó Dálaigh | Pádraig Ó hIrighile | Máire Mhic Róibín | Máire Mhic Ghiolla Íosa |