Sóisialachas
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is fealsúnacht pholaitiúil í an sóisialachas. Creideann sóisialaithe gurb cheart don tsochaí go léir an eacnamaíocht a stiúradh go díreach trí na hoibrithe nó go hindíreach tríd an rialtas. Tá easaontas go minic idir sóisialiathe maidir le saghas an tsóisialachais le cur i bhfeidhm. Is saghsanna difriúla an tsóisialachais iad an daonlathas sóisialta, an sóisialachas liobraíoch, agus ainrialachas.
Tá barúlacha difriúla ann maidir le ciall an tsóisialachais. Creideann a lán sóisialaithe gur cheart do thionscail mhóra a bheith leis an rialtas. Creideann daoine eile gur cheart do chomhlachtaí a bheith le hoibrithe. Dar le daoine eile ba cheart don phobal a bheith ionann faoi chaipitleachas leasaithe.
Síleann bunús na ndaoine a chuireann "sóisialaithe" orthu féin nach córas daonlathach atá sa chaipitleachas. Molann siad sórt "daonlathachas an phobail" ina gcinneann na hoibrithe cad a tháirgeadh agus conas é a dháileadh. Is minic go n-áitíonn criticeoirí an tsóisialachais gur deachtóireachtaí brúidiúla atá i roinnt tíortha sóisialacha in ainm agus gur maraíodh a lán daoine ann, agus gur cheart córas sóisialach a sheachaint dá bharr sin. Freagraíonn bunús na sóisialaithe nach raibh na deachtóireachtaí seo sóisialach go fíor nó gur chuir siad polasaithe sóisialacha go holc i bhfeidhm.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.